Nach cuma le tae cé a ólfas é?

Posted on 05 September 2011 by igaeilge

Léigh mé alt faoi chúrsaí Ghaeilge sa Ghaeltacht le déanaí a bhain preab asam.  An rud is annamh is íontach #1. Alt i nuachtán náisiúnta Bhéarla faoin cheann teideal “Gaeltacht in danger of being silenced” atá faoi chaibdil agam, an rud is annamh is íontach #2. [D'fhoilsíodh mo fhreagra ar an  alt seo le déanaí i nGaelscéal. Is le caoinchead an nuachtáin a fhoilsítear anseo é]

Is iad Conchúr Ó Giollagáin is Brian Ó Curnáin na h-údair. Ar éigean gur ghá dhom an bheirt seo a chur in aithne óir tá siad araon i mbéal phobal na Gaeilge as a saineolas bunaithe ar an staidéar atá déanta acu ar cheisteanna teanga, go h-áirithe ar cheist úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Sa chéad dul síos, is aineolaí mé i gcúrsaí na soctheangeolaíochta.  I gcomórtas leis an mbeirt seo, is féidir a rá go n-imríonn siad san i Roinn 1 den Sraith Náisiúnta agus go bhfuilimse ag streachailt liom sa ghrád Soisear ‘C’ nó ‘D’ ar bhonn áitiúil.

An méid sin ráite,  deirim anseo, le mór mheas, nach n-aontaim leo i roinnt rudaí atá  scríte acu san alt seo agus ag síneadh siar uaidh sin, le roinnt rudaí sa Staidéar Chuimsitheach ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 atá tagairt déanta orthu san alt.    Mar eolas is féidir teacht ar an alt féin ar shuíomh ar nós Gaelport.  Más ceadmhach dom, mholfainn d’eagarthóir an nuachtáin seo an bheirt a choimsiunú chun leagan i nGaeilge simplí den alt a chur ar fáil sna leathnaigh seo.

Go bunúsach, is caoineadh an alt seo ar ‘theipeanna’ na Straitéise 20 Bliana i leith na Gaeilge.   Aontaim go bhfuil go leor teipeanna sa Straitéis céanna, ní lú ina measc gur ghlac sé ceithre bliana é a ullmhú agus a fhoilsiú tar éis gur gheall an Aire (ag an am) Éamon Ó Cuív go mbeadh sé foilsihe laistigh de dhá bhliain ón am gur dhein an Rialtas an ‘Ráiteas i leith na Gaeilge’ i mbéal na Nollag 2006.

Teip é seo i bhfianaise an chonclúid ba mhó a mheall cinnlínte ón Staidéar Chuimsitheach – is é sin go raibh bás i ndán don Ghaeilge sa Ghaeltacht laistigh de 15/20 bliain mura ndéanfaí rud éigean laithreach chun beatha nua a insealbhú inti.  Mar sin féin, i bhfianaise na dtuairiscí údarásacha ó réanna cáite ina raibh foláirimh chomh tromchúiseacha céanna, ní teip ró thubaisteach a bheadh ansin, is dócha, agus sinn ag caint i ré an rachmais, nuair a deineadh an raiteas. Ós rud é gur i lár na géarchéime eacnamaíochta is tromchúisí i stair na tíre a saolaiodh an Straitéis, ba thubaist thar tubaistí é.   Tá sé deacair a fheiscint cad as a dtiocfaidh na h-acmhainní chun an Straitéis – nó na codanna is tabhachtaí di, fiú – a chur i bhfeidhm.   Tá an ráiteas sin ag déanamh talamh tirim de go bhfuil aon bheirt ar aon fhocal faoi fhiúntas na Straitéise nó aon chuid ar leith di.

Tá fócas ar leith ag an mbeirt acadaí seo ar an ngaol mhíchothrom idir an mhór theanga agus an mhion theanga sa phobal dhá theangach.  Ar mhór thír an phobail Bhéarla is í an Bhéarla an mhór theanga agus is í an Ghaeilge an mhion theanga.  (Ná bac gur cirte a rá go bhfuil iliomad teangacha á labhairt sa phobal anois!)  Ar oileáin na Gaeltachta ba cheart go mbeadh a mhalairt fíor.  Ach tá’s againn go bhfuil an scéal níos casta ná sin – go bhfuil i bhfad níos mó Béarla á úsáid sna Gaeltachtaí is laidre ná mar atá sláintiúil d’úsáid na Gaeilge.

Nuair a fhoilseofar torthaí an Dhaonáirimh a deineadh ó dheas den teorainn amach anseo, is cinnte go mbeidh go leor cainte is anailíse faoi líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bheidh sé le maíomh acu go n-úsáideann siad an Ghaeilge ‘go laethúil’.  D’fhéadfadh duine ar bith a rá gur ‘cainteoir laethúil Ghaeilge’ é nó í ach go ndeir siad ‘Conas tá tú/Cé chaoi a bhfuil tú/go dté mar’ lena gcomharsan nó lena gcomhleacaí oibre agus gan focal eile Ghaeilge a úsáid an chuid eile den lá.   Ag baint úsáide as an dtomhas sin, dá ndéarfadh ós cionn 70% den bpobal in aon Ghaeltacht is maith leat a lua go n-úsáideann siad abairt amháin Ghaeilge gach lá, faoi mar atá luaite agam, bheadh gach Gaeltacht ina ‘A’ Ghaeltacht agus chomh fada agus a bhainfeadh sé le na h-údaráis bheadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht chomh folláin le breac.   Nior thaitin an bealach tuatach inar roinneadh na Gaeltachtaí éagsúla faoi chatargóirí ‘A’, ‘B’ agus ‘C’ riamh liom mar gheall ar na macallaí mí-amharacha ó mo sheal sa ‘chóras oideachais’ a chuir sé i gcuimhne dhom – ach sin scéal eile.

Molann údair an ailt go mba chóir tabhairt faoin dhá theangachas sa Ghaeltacht le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge ina mórtheanga [arís].   Ní dócha gur féidir liom – nó le h-éinne eile sa Ghaeltacht ar mhór leo cás na Gaeilge – easaontú le sin.   Chun an sprioc seo a bhaint amach, molann siad moill a chur ar mhúineadh an Bhéarla don pháiste go dtí go mbionn úsáid na Gaeilge mar theanga dhúchais neadaithe ann go daingean.    Cheapfá gur ráiteas neamh chonspóideach go maith é sin.  Ach ní h-ea, dar liom ar aon nós.

Tá go leor cainteoirí dhúchais pósta nó i gcaidreamh le páirtí nach ón nGaeltacht dd/i ó dhúchas.  Nach bhfuil an oiread ceart ag na daoine seo Béarla ó dhúchas a mhúineadh dá bpáistí agus atá againne Gaeilge ó dhúchas a bhronnadh orthu?  Nach bhfuil an oiread ceart acu san an Ghaeilge a fhoghlaim agus nach mbeifi ag díspeagadh orthu agus ag déanamh idirdhealú in éadan ár bpáistí de bharr nach gcainteoirí dhúchais den ‘gcéad ghrád’ iad.  Fiú má tá siad araon líofa sa Ghaeilge agus má labhrann siad í lena bpáistí i rith an ama ach ní cainteoirí ‘dúchasacha’ iad sa chiall nach gcuirfí san áireamh iad sa ‘toirt chriticiúil’ de chainteoirí dúchasacha atá, dar le na h-údair, le bunú arís sa Ghaeltacht. Tá go leor, leor lannúnacha cosúil le sin sa Ghaeltacht.  Ní aithníonn an ghrá teorainneacha na Gaeltachta!

Cuirim an cheist le cois:  An bhfuil an iomarca luach á chur ag na h-údair agus go leor eile ar an gCainteoir Dhúchais?  I ré nua ina bhfuil go leor focail nua á chumadh gach lá chun dul i ngleic le cúinsí nach raibh á phlé i nGaeilge riamh roimhe, an bhfuil an luach céanna ar an nGaeilge a bhí á labhairt sa ré roimh theilifíse, mar shampla? Nach cuma le tae cé a a olfas é?

Straitéis amháin atá luaite roimhe seo chun cabhrú leis an obair seo, moladh é sa Staidéar Chuimsitheach, staidéar atá luaite leis an Giollagánach ach go h-áirithe. Is é an moladh sin go mbunófaí scoileanna nó sruthanna ar leith chun an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí gan Gaeilge sara mbeadh cead acu freastal ar an scoil áitiúil, in éineacht le páistí ar chainteoirí dhúchasacha Ghaeilge iad.   Fiú dá mbeadh na h-acmhainní ann chuige sin, agus an Roinn Oideachais ag cur arís leis an gcoimheas daltaí/múinteoir, is cinnte nach bhfuil, ní aontóinn leis an bpolasaí.

Cothaíonn sé deighilt nach bhfuil sláintiúil idir páistí – agus, mura leantar leis an deighilt tar éis am scoile, cén mhaith é?   Tá go leor toscaí eile i gceist freisin – forlámhas nach mór iomlán an Bhéarla sna meáin atá páistí i dteagmháil leo,  teilifís, cló (leabhair is irisí), cluichí riomhaireachta agus a leithéid – agus níl ansan ach an chuid ó thuaidh de líne uisce an chnoic oighir.

An t-alt atá faoi chaibidil, tá sé préamhaithe san acadúlacht agus scíte sa teanga sin agus nior cheart dúinn íontas a dhéanamh nach seasann sé sa bhfíor shaol, an áit nach bhfuil dubh agus bán ach ina bhfuil gach scath faoin ngrian ann.   Fathaigh sa saol acadúil iad na h-údair agus tá plé ana shuimiúil curtha ar bun acu.  Mura raibh ní bheadh alt mar seo spreagtha acu uaim.

Tá sé maith go leor bheith im chriticeoir ar mhórshaothar na n-údar seo – ach cad a mholaim féin ar mhaithe leis an Ghaeilge a choimeád beo sa Ghaeltacht?

Molaim go leanfaí leis an obair atá á dhéanamh ag gach teaghlach atá buartha faoin cheist seo, is cuma ann nó as do thacaíocht Stát.  Táimíd ag iarraidh ár bpáistí a thógaint le go mbeadh caidreamh buan acu leis an dteanga seo, an Ghaeilge.   Is fearr é dar liom go mbeadh an caidreamh seo bunaithe ar ghrá agus ar mheas seachas ar éigeantas is deighilt.

 

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES