Tá go leor cainte déanta le seachtain anuas faoin gcinneadh a rinne an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Seo an méid atá le rá agamsa ar an ábhar sa cholún a foilsíodh i nGaelscéal na seachtaine seo. Fáilte roimh malairt tuairimí. Is fearr imreas ná uaigneas.
Cuid agaibh a léifidh é seo, ní mhaithfidh sibh dom nach bhfuilim ag caoineadh uiscí mo chinn mar gheall ar chinneadh an rialtais i leith Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé i gceist an Coimisinéir a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman san athbhreithniú a fógraíodh le déanaí ar na seirbhísí poiblí.
Creidim féin go bhfuil mionlach substaintiúil a aontóidh liom ós íseal gur bogadh sa treo ceart é seo.
Ar an léamh is fearr, creidim go dtabharfaidh an státseirbhís aird níos mó ar an méid a bheadh le rá faoi easnaimh, laigí agus faillí na seirbhíse dá mba rud é gur ó Oifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath a thiocfadh sé seachas ó oifig iargúlta imeallach san iarthar.
De réir léamh níos conspóidí ná sin arís, mo léamh féin, ní raibh riamh in Oifig an Choimisnéara Teanga, dá fheabhas baill foirne na hoifige sin, ach sop in áit na scuaibe. Níor chuir sé faic leis an nGaeilge ach leibhéal eile maorlathais agus is beag tionchar a d’imir sé, dar liom, ar threorú na Loinge Stáit i dtreo na Gaeilge.
Níor dheineas ach gearán amháin leis an Oifig – agus b’shin mar gheall ar chinneadh An Post an Oifig Phoist a dhúnadh i nGaeltacht Mhúscraí. Fiú agus é ar an aon oifig phoiblí sa sráidbhaile ina bhféadfaí seirbhísí stáit a lorg trí Ghaeilge, ní raibh An Post tar éis scéim a chur i bhfeidhm – cé gur tugadh treoir don chomhlacht í a chur i bhfeidhm roimh mhí Lúnasa 2009. Mar sin níl aon cheangal ar an gcomhlacht aon seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Agus tá Oifig Phoist Bhéal Átha an Ghaorthaidh dúnta. Seachas litir a chur chuig An Post – rud a chuir le saibhreas an chomhlachta fhaillíoch beagáinín – lena imní a chur in iúl, ní raibh tada a d’fhéadfadh an Coimisinéir Teanga a dhéanamh maidir le faillí An Post!
Sa deireadh thiar, is ar éigean go mbunódh rialtas ar bith Oifig an Choimisinéara Teanga dá mbeadh an baol ann go n-athródh sé rud ar bith chun feabhais. Sin mar a tharla le hOifig an Choimisinéara Teanga.
Nuair a rinne an Oifig an chéad suirbhé ar an státseirbhís ag fiafraí cá mhéad d’fhoirne na rannóg éagsúil a chreid go mbeadh siad ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, 3% an freagra a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Nuair a deineadh an dara suirbhé cúpla bliain ina dhiaidh sin, 1.5% a thuairiscigh an Roinn Oideachais mar fhreagra ar an gceist chéanna.
Laghdú 50% ar líon na bhfeidhmeannach a chreideann go mbeadh siad ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa roinn is mó a imríonn tionchar ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge ar fud an stáit. Dochreidte.
An chéad rud eile a bheidh tú ag rá liom nach bhfuil feidhmeannaigh na Roinne Airgeadais ábalta a gcuid uimhríochta a dhéanamh i gceart agus iad ag áireamh ár gcuid airgid (agus ár bhfiacha)!
Ní ag magadh atáim nuair a deirim ós ard gur léir domsa go bhfuil fadhb níos bunúsaí ná easpa cumas Gaeilge sa státchóras. Ba cheart go mbeadh sé soiléir don dall ag an bpointe seo go bhfuil easnamh substaintiúil in éirim ár státchórais.
Fuarthas réidh le riachtanas na Gaeilge d’fhostaithe nua sa státseirbhís ag tús na 1970í. Ba olc an cinneadh é sin nó chinntigh sé nach mbeadh gá le caighdeán bunúsach oideachais ag na daoine a earcaíodh ina dhiaidh sin. Ní raibh a gcumas Gaeilge maith go leor ná, is léir, a gcumas sa Mhatamaitic agus ní thuigeann aoinne réasúnta an Béarla a úsáideann siad. Ní raibh eacnamaithe sa Roinn Airgeadais ná tionsclóirí sa Roinn Tionscail.
Gí go bhfuil sé éasca a dhóthain d’fheidhmeannaigh shinsearacha sa Roinn Airgeadais beag a dhéanamh den €3.6bn a cuireadh go héagórach lenár bhfiachas náisiúnta, is cinnte nach ligfeadh aon duine sa Roinn sin don rialtas cent níos lú ná mar a bhí dlite dóibh a íoc leo ina bpinsean. Sin an fáth, nach é, go bhfuiltear ag súil go n-éireoidh na mílte acu as a bpostanna roimh mhí Feabhra seo chugainn nuair a thiocfaidh córas nua i réim chun pinsin a ríomh.
Cé go bhfuil béim ar leith agam ar an nGaeilge, is í an chuid is lú í de mhíchumas iomlán an státchórais. Ach tá sí úsáideach chun solas a dhíriú ar an bhfadhb ollmhór ar a cúl.
An rud is lú a mbeadh aon duine ag súil leis ó na státseirbhísigh go mbeadh caighdeán réasúnta oideachais orthu, agus tá léamh, scríobh agus labhairt na Gaeilge riachtanach chun é sin a chruthú an oiread agus atá uimhríocht agus litearthacht sa Bhéarla.
Isteach sa chóras sin a tumadh an Coimisinéir Teanga agus a fhoireann, iad gan chumhacht agus laincis drochreachtaíochta orthu, Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ní raibh seans acu.
Anois tá comhnascadh le déanamh le hOifig an Ombudsman. Tá Oifig an Choimisinéara chomh pollta mar bhratlong na Gaeilge sa státchóras agus atá an Titanic mar bhratlong loingeas an Réiltín Bháin.
Is cinnte go mbeidh go leor Gaeilgeoirí ann a bheidh buartha mar gheall air seo. Tá dúil mhór ag sciar dár mbuíon sa mhaorlathas. Ar an drochuair tá greim acu ar cheannaireacht na gluaiseachta, más gluaiseacht í seachas lánstad.
Ní hé go bhfuil easpa dúile ag pobal na tíre sa teanga. Is maith linn – leo – í go mór. Is maith linn bheith ag faire ar an rugbaí ar TG4 – seachas Neil Francis bocht – is maith linn bheith ag pocléim le ceol na Rubber Bandits ag an Oireachtas agus is maith linn filíocht na Gaeilge.
An oiread le héinne eile atá réasúnta ciallmhar, níl mórán spéise againn i dtuairiscí oifigiúla i dteanga ar bith. Is saothar in aisce agus faillí ar an dteanga bheith ag maíomh a mhalairte.
Sin an fáth nach bhfuilim ag caoineadh mar gheall ar chinniúint an Choimisinéara.
Rud amháin eile: agus an Nollaig ag teannadh linn, tá An Post ‘ag cuidiú’ le Daidí na Nollag agus iad ag tabhairt litreacha ó pháistí ag lorg féiríní uaidh a fhad leis an Mol Thuaidh. Cuideoidh siad leis an bhfear mór litreacha a sheoladh ar ais chuig na páistí chomh maith.
Ach an gceapann éinne go mbeidh deis ag Daidí na Nollag litreacha i nGaeilge a sheoladh chuig na páistí sin a sheolann litreacha i nGaeilge chuige? Caolseans.
Dá mbeadh an Coimisinéir Teanga sásta idirghabháil a dhéanamh leis An Post agus Daidí na Nollag lena chinntiú go gcuirfeadh na sióga atá ag obair ag An Post ar shúile an fhir ghroí gur cheart dó bheith béasach agus litir a sheoladh ar ais sa teanga chéanna, b’fhéidir go mbogfadh mo chroí agus croí na bpáistí lena chois sin.
Féirín Nollag le fiúntas a bheadh ansin.













Bhúr dtuairimí…