Níl aon leagan Ghaeilge den Action Plan for Jobs, an chaipéis a d’éisigh an Rialtas an tseachtain seo, ach b’fhéidir nár cheart dúinn aon iontas bheith orainn faoi sin. Táim tar éis an chaipéis a scagadh agus is beaeg aitheantas i thart ar 100 leathnach den mhaorláthas líofa (canúint an ghnó) gur sochmhain í an Ghaeilge agus go bhfuil poiteansúil eacnamúíl ann a bhféadfaí úsáíd a bhaint aistí chun an tír seo a chur ar ais ag obair arís.
Go deimhin cé go luaitear ‘UnG’ san eochair atá ag cúl na caipéise chun a chur in iúl do na léitheoirí gurb é atá i gceist ná ‘Údarás na Gaeltachta’, theip sé orm tagairt ar bith a fháil do ‘UnG’ sa chaipéis ar fad. Ní raibh mé ábalta, mar shampla, aon bheart ar leith a fháil do UnG sna beartais maidir le Cultúr:
Tá mé sásta coip de cheirnín nua Peadar Ó Riada, Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh – Triúr Arís a bhronnadh ar an t-é a aimsíonn tagairt do ‘UnG’ ach é bheith luaite le beart éigean ar leith sa chaipéis. Tá go dtí Dé Domhnaigh agaibh é seo a dhéanamh.
Tugaim faoi ndeara go bhfuil tagairt ann d’Fhoras na Gaeilge agus an obair atá luaite leis an institiúid teanga úd an Ghaeilge a fhorbairt ar son na turasóireachta. Ós rud é gurb é seo gnó an Údaráis freisin, cuireann sé imní orm. An tromluí a bheadh ann do lucht na Gaeltachta, in ionad an Údarás a thacú agus bhuanú faoin reachtaíocht nua, cúram na Gaeltachta a chuir faoi choimirce an Fhorais – Foras na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar ndóígh níl bunús leis mar imní, is dócha, ach is aisteach agus is imníoch nach bhfuil aon tagairt don Údarás sa chaipéis seo i bhfianaise na dea oibre atá déanta ag an aisínteacht Gaeltachta in ainneoin na n-ainneoin (agus iarrachtaí an iar Aire Uí Chuív é a chur ó mhaith) i gcaitheamh na mblianta a raibh Éamon ina Aire Gaeltachta.
Dá mbeadh bealach ann chun a chinntiú chun an Ghaeltacht a scrios ar fad, is é an Ghaeltacht a chur faoi chúram an Fhorais. Ach sin scéal tharainn.
Beidh le feiceáil an bhfuil tabhacht leis an gcaipéis seo – an ndéanfar beart ann de réir briathar? Tá’s agam caipéis eile – Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – agus tá an chuma ar an scéal go nglacfaidh sé 20 bliain sara mbeidh beart ar bith uaidh curtha i bhfeidhm.
Díol súntais gur fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste caipéis infhéistíóchta le déanaí agus gur doichí go bhfuil tagairt ann ina ngealltar airgead do Cheathrú Gaeltachta na cathrach sin. Is maith an rud é go bhfuil cara sa chúirt ag an nGaeilge sa chomhairle – is é sin Máirtín Ó Muilleoir – ach nach gceapfá go mbeadh duine éigean ag bórd an Rialtais chun a rá, fan noimead, cá bhfuil an tagairt don Ghaeltacht anseo?
Tá rud éigean le tabhairt chuig an bórd seo ag an nGaeltacht – faoi mar a léirigh m’alt sa Sunday Independent Dé Domhnaigh seo chaite.





RT @igaeilge: Coip de ‘Triúr Arís’ le buachaint ar iGaeilge. http://t.co/tYnTdF1o AImsigh an tagairt don Udarás i ‘Action Plan for Jobs’. #gaeilge