An gceannófá gluaisteán dara láímhe ó Fhoras na Gaeilge

Posted on 29 February 2012 by igaeilge

Seo mar atá an Samhail Nua Mhaoinithe anois, tar éis do a chéad thastáil a dhéanamh. An dtiocfaidh sé slán ó NCT an phroisí chomhairlíucháín II?

Agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar phobal na Gaeilge an gluaisteán dara láímhe ar chlé a cheannach uatha, tá fadhb bunúsach ag Foras na Gaeilge. Cé cheannódh gluaisteán nua nó dara láimhe uatha? Tá údarás an eagrais scriosta….bhuel geall leis.

Tá cúpla údar dochais fagtha ag an bhForas – sa chéad áit tá mí-eifeacht na n-eagras atá ag troid ina n-aghaidh. Deirim é sin le tuiscint go bhfuil daoine maithe éifeachtacha ag obair sna heagrais ar fad agus go bhfuil obair mhaith ar siúl acu. Ag an am chéanna, tá teipthe orthu, don chuid is mó dul i bhfeidhm ar an bpobal mhór agus is beag duine taobh amuigh den mhionlach, sinne pobal na Gaeilge, a aithníonn go bhfuil furmhór acu ann nó as. Tá éisceachtaí ann ar ndóigh – leithéidí Gael Linn atá ag deileáil agus ag déanamh gnó leis an mórphobal i rith a stair – na comórtais diospóireachta, mar shampla, agus a gcuid ceirníní snásta.

Nuair a chuirtear gluaiseacht na Gaeilge i gcomparáid le gluaiseachtaí eile – leithéidí an CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann – tá na laigí soiléir. Cinnte ní bhfuair na h-eagrais Ghaeilge an tacaíocht a bhí dlite agus de dhíth ach in áit bealaí eile a thriail, fé mar a dhein Comhaltas agus CLG, dheineamar a mhór dár laige agus in áit a bheith ag eagrú chun teacht thairis, leanamar orainn ag síneadh ár láímh chuig na rialtais. Anois níl aon airgead ag an Rialtas – nó níl aon chead acu ó Frau Merkel nó Monsieur Sarkozy é a chaitheamh ar rud chomh himeallach le cultúr/teanga – chun leanúint orthu leis an dtacaíocht fiú dá mbeadh an fhonn sin ann.

In áit a bheith ag olagón anois faoin earnáil dheonach Ghaeilge bheith ar tí bheith scriosta, mar atá na hollaimh thíos, b’é an rud a raibh ceart againn bheith ag déanamh ullmhú don lá seo ionas nach mbeadh aon ghá bheith ag olagón. Cinnte tá tacaíocht na n-údarás úsáideach le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn – ach nior cheart do bheith riachtanach. Nior cheart gur ceist beatha nó bás é bheith ann nó as.

Ach táimíd san áít a bhfuilimíd – agus nil an chath seo thart.

An dara toisc atá ag teacht i gcabhair ar an bhForas go bhfuil úrlabhraí cumasach inchreidte aimsithe ag an eagras, an leas phríomh fheidhmeannach, Seán Ó Coinn. Dá mbeinn le gluaisteán dara láimhe a cheannach ó aon fhear cheannóínn uaidh é, bunaithe ar mo thaithí air agus ar an méid a luadh leis i nGaelscéal Dé Chéadaoin.

Is é seo thíos an litir a sheoladh roinnt ollaimh agus saineolaithe teanga chuig na nuachtáin maidir leis an Samhail Nua Mhaoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge chun tacú le h-obair na Gaeilge i réimsí áírithe:

Tá an t-infreastruchtúr atá riachtanach chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí bheith scriosta.
Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí Gaeilge. Ina áit, táthar chun tairiscintí a iarradh ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí.
Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge, cuirfear deireadh le 19 n-eagras Gaeilge fad-bunaithe, cuirfear deireadh leis na seirbhísí a chuireann na heagrais ar fáil, agus scaoilfear lena bhfoirne.
Níl aon taighde déanta ag Foras na Gaeilge ar éifeachtacht nó ar éifeachtúlacht na n-eagras Gaeilge, agus tagann a moltaí go hiomlán i gcoinne bhunphrionsabail na pleanála teanga.
Creidimid go bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge lochtach go smior, agus go mbeidh mar thoradh air go ndéanfar dochar aimhleasach d’fhorbairt na Gaeilge ar fud na tíre.
Éilímid struchtúr maoinithe buan, bunaithe ar phleanáil straitéiseach agus spriocanna fadtéarmacha, d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Is sinne le meas,
An tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff, An Bhreatain Bheag
An tOllamh Muiris Ó Laoire, AUT University, Auckland, Nua Shéalainn
An tOllamh Dónall Ó Baoill, Ollscoil na Ríona
Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Dr Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Dr Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig
Dr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann, Albain
Laoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Is cinnte go bhfuil go leor lochtanna ar na h-eagrais bunmhaoinithe seo, ach tá roinnt mhaith á dhéanamh acu le tairbhe ann. Nílim cinnte go bhfuil an rud céanna fíor faoi Fhoras na Gaeilge ach sa bheagán. Tá meas agam ar dhaoine ar nós SÓ Coinn atá ag obair leis an bhForas agus a thuilleadh nach é ach creidim go bhfuil an eagras ar fad lofa agus nach bhfuil aon údarás acu Samhail Nua Mhaoinithe a mholadh nó a chur i bhfeidhm.

É sin ráite tá deacrachtaí go leor ag na heagrais bunmhaoinithe. Tá siad ar fad lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath agus tá go leor airgid á chaitheamh ag cuid acu ar chíos ar oifigí i lár an aonaigh. Airgead marbh é seo. Tá siad ann a deir go bhfuil cuid de na tuarastail atá á íoc le hoifigigh sinsearacha as comhréir leis an éifeacht agus an obair atá ar bun. Níl a fhios agam – ach níl a fhios agam cad iad na tuarastail atá i gceist.

Bhí an méid a dúirt Seán Ó Coinn – an méid ar tuairiscíodh ar Gaelscéal inniu – spéisiúil agus ba spéisiúla fós a admháil faoin libhéal de bhuiséad an Fhorais atá á chaitheamh ar an eagras féin. Ní raibh úrlabhraí éifeachtach ag an bhForas go dti seo – ach is cinnte go bhfuil Ó Coinn ábalta an ról sin a líonadh.

Tá gá le cur chuige éagsúil agus níos éifeachtaí ó na h-eagrais bunmhaoinithe seachas físeán lag agus achainí idirlín (a chuireann iachaill ar an té a shíníonn Béarla a úsáíd!). Tá gá le moltaí stuama simplí a léireoidh go bhfuil na h-eagrais ag iarraidh luach airgid a sholathar maraon le réimse leathan seirbhísí. Is é sin amháin a chuirfidh an Fhoras ar a chosaint, seachas litreacha den chineál thuas ó acadaimh agus ollaimh.

Tugaim faoi ndeara go leor ainmneacha ar easnamh ón liosta – an amhlaidh gur ciorcal cúng é seo d’aon ghnó nó an raibh daoine ar iarradh bheith páirteach ach nár ghlac pairt ar chúis amháín nó eile?

Tá a thuairim neamhbhalbh féin ar an litir nochtaithe ag Séamus Mac Seáin ar Nuacht 24.

Bhál,bhál oileán na nDochtúirí agus na nOllamh sinn gan aon agó agus “saineolaithe” teanga lena chois. Tréan stocaireachta ar bun ag duine éigin leis an status Quo a chaomhnú agus tuilleadh oibre a chur ar fáil do “thionscail” na pleanála teanga. tuilleadh bladair agus “buzz” fhocal dar m’anam agus tuilleadh taighde agus trachtais do lucht léinn ( thiocfadh le SF an dúch a chur ar fáil lena gcur i gcló, tá tréan acu!!) . Má’s olc an tsamhail nua mhaoinithe ní raibh an sean samhail mórán níos fearr, gan mhonatóireacht agus gan chruthú go raibh sí ag obair. Cá bhfuil na moltaí ó na hOllaimh ná ó na heagrais iad féin a chuirfeadh feabhas ar ghníomhaíocht na neagras bunmhaoinithe? an bhfuil an status quo inchosanta? Muna bhfuil cad é a chuirfí ina áit? Níor chuala mise go dtí seo ach achainí ar son a thuilleadh den rud atá anois ann, Ní shílim go bhfuil sin maith go leor. Muna bhfuil smaointí thairis sin againn cad é mar is féidir linn dáiríre cur suas don Fhoras?

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES