Leath-bhulóg

Posted on 03 May 2012 by igaeilge

Le seachtain anuas tá caint ann faoi na bileoga is na pacáisti a bheidh ar fáil do thuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a thogáil le Gaeilge. Fuaireas radharc ar an bpacáiste inniu – agus chun an fhírinne a ínsint, ba mhór an údar dhíoma é.

Leabhar ‘Ag Togáil do Pháiste Le Gaeilge’ atá ar fáil le cúpla bliain – agus atá roinnt eolais as-dáta istigh ann – agus dluth dhiosca/leabhrán rannta ‘Rabhlaí Rabhlaí’. Agus sin é.

An doigh le h-éinne go meallfaidh sé sin daoine chun tabhairt faoi an obair dúshlánach a bhaineann le páistí a thogáil le Gaeilge? Is bocht an chúiteamh é do thuismitheoirí Gaeltachta a fuair deontas €260 roimhe seo.

Bíodh is go bhfuil a fhios agam go bhfuil ré na ndeontaisí caite – tá sé tabhachtach a thabhairt le fios go raibh súil le rud éigean níos substaintiúla sa phacáiste tacaíochta ná mar a cuireadh ar fáil.

An bhfuil aon tuairim agaibhse cad ar cheart bheith ina leithéid de phacáiste?

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES

  • An Cailín Deas Blag an Chailín Deas Gaeltachta atá anois ina cónaí sa chathair
  • An Tuairisceoir Suíomh nuachta nua atá neamhspleach
  • Beo Iris mhíosúil ar líne, maoinithe ag Foras na Gaeilge
  • Foinse Suíomh idirlín Foinse, nuachtán a fhoilsítear gach Céadaoin. Ceannaigh é agus gheobhaidh tú an Irish Independent saor leis!
  • iMúscraí Seirbhís idirlín Chomharchumann Forbartha Mhúscraí
  • Meon Eile Iris nuachta is físeáin, lonnaithe i dTuaisceart Éireann, maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta
  • Nuacht 24 Nuacht sheirbhís neamhspleach, bunaithe i 2008, lonnaithe i mBéal Feirste
  • Raidió Fáilte An raidio Ghaeilge is fearr ar domhan….
  • Slugger O’Toole suíomh chúrsaí reatha