SF agus an Banríon: ná buail mé agus mé ar tí ‘cruinniú stairiúil’ a bheith againn!

Posted on 22 June 2012 by igaeilge

A mhaorgachtaí: Martin McGuinness agus Banríon Shasana, Eilís 2.

Be advised, my passport’s green
No glass of ours
was ever raised
To toast the Queen

Ritheann línte Séamus Heaney – scríte i bhfad roimh a bhréagnaigh sé na línte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath anuraidh – liom agus mé ag déanamh mo mhachnamh ar an nuacht, más nuacht é, go bhfuil sé i gceist go gcasfaidh Martin McGuinness, iar Oifigiceach Ceannais an IRA, le Banríon Shasana, Eilís II, an tseachtain seo chugainn.

De réir tuairiscí tá plé le déanamh ar an gceist inniu ag cruinniú d’Ard Chomhairle Shinn Féin ach tá an oiread cainte faoi sna meáin agus Mary Lou McDonald á phlé ar an raidió ar maidin gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh deatach bán – seachas solas glas – ag teacht ón gcruinniú sin do mhianta na gceannairí.

Ar bhealach tá deascéal den tsort seo ag teastáil ó Shinn Féin ó dheas den teorainn i bhfianaise na cainte go léir faoi chostaisí na dTeachtaí Dála bheith á dtreorú chun leasa an pháirti seachas bheith á chur ar ais go dtí an Oireachtas más amhlaidh go raibh siad iomarcach. Agus an chaint atá ann mar gheall ar léargas SF ar ‘mheán thuarastal tionsclaíoch’ an TD. Nach deas agus nach glic atá siad ag iarraidh éalu ón gcáineadh a leanann sin – ná cáin mé fhaid is atá deis phictiúir stairiúil im láimh!

An é seo an chéad uair a bhain Sinn Féin úsáid as Bhanríon Shasana chun droch scéal a chur ina thost? An bhfuil an Banríon sásta bheith páirteach ins an seift seo – a la Rialtas na Breataine agus 9/11 – chun áird an phobail a bhaint ón liathróid a raibh san imirt le linn na seachtaine – cad a tharlaíonn do chostaisí agus do thuarastal bhaill Oireachtais Shinn Féin – agus a dhíriú ar chluiche eile ar fad?

Sea, rud amháin ná raibh riamh in easnamh ar cheannairí Shinn Féin ná gliceas.

Ach an ionann gliceas le smaoineamh straitéiseach agus fad-radharcach?

An mó poblachtóir/náisiúnai/Caitliceach a damnaíodh de bharr aon chaidreamh a bheith acu le Theaghlach Ríoga Shasana, bíodh sé timpisteach nó taismeach fiú?

Cé mhéid ar chuimhin leo an drochmheas a léiríodh do Gerry Fitt nuair a ghlac sé le Tiarnacht? Nó an eachtra úd i dTír Eoghain nuair a cháin ball Shinn Féin bronnadh duaiseann liteartha Pushkin ar pháistí ina cheantar féin de bhrí gur Bandiúc abea an bronntóir?

Anois, ar mhaithe le pictiúir deas sa phaipéar agus b’fhéidir filip beag poiblíochta, tá SF ag siúl ar shiúl ón stair sin chun láimh a chroitheadh leis an mBanríon atá ina hoifigeach ceannais ar Arm choimhthíoch atá fós sa tír.

Is cuimhin liom féin an drochmheas a léiríodh domsa nuair a mhol mé an tseachtain seo chaite go mba chóir tacú le Sasana nuair a cuireadh deireadh le suim na hÉireann i gCraobh na hEorpa.

I bhfirinne tá mé ar shon go gcasfadh Martin McGuinness le Eilís Windsor. Nó, is cirte a rá, níl aon argóint agam ina choinnibh. Creidim go bhfuil sé thar am, i bhfianaise go bhfuil Sinn Féin ag brath ar an mBanríon dá slí beatha le fada agus tá sé in am gur chás an fhostaí leis an bhfostóir.

Má tá aon imní ar Shinn Féin faoi seo, ní gá dóibh ach machnamh a dhéanamh ar fhocail ó pheann Sheáin Uí Ríordáin,

Níl laistigh d’aon daoirse
Ach saoirse ón daoirse sin!

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES

  • An Cailín Deas Blag an Chailín Deas Gaeltachta atá anois ina cónaí sa chathair
  • An Tuairisceoir Suíomh nuachta nua atá neamhspleach
  • Beo Iris mhíosúil ar líne, maoinithe ag Foras na Gaeilge
  • Foinse Suíomh idirlín Foinse, nuachtán a fhoilsítear gach Céadaoin. Ceannaigh é agus gheobhaidh tú an Irish Independent saor leis!
  • iMúscraí Seirbhís idirlín Chomharchumann Forbartha Mhúscraí
  • Meon Eile Iris nuachta is físeáin, lonnaithe i dTuaisceart Éireann, maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta
  • Nuacht 24 Nuacht sheirbhís neamhspleach, bunaithe i 2008, lonnaithe i mBéal Feirste
  • Raidió Fáilte An raidio Ghaeilge is fearr ar domhan….
  • Slugger O’Toole suíomh chúrsaí reatha