Cinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Gaelscéal – ceisteanna gan freagraí

Posted on 01 February 2013 by igaeilge

Cad is féidir a rá faoi seo? Cinneadh eile ó Fhoras na Gaeilge chun deireadh a chur le nuachtán Ghaeilge eile. AN bhfuil aon teoradh le loitiméireacht an Fhorais ar an nGaeilge…?
Ach sara léann tú seo – gabh chuig an achainí ar líne seo agus cuir d’ainm leis. Tosnaíonn an aistroid anseo….
Tá cúpla poinnte ar mhaith liom déanamh faoi seo.
Sa chéad áit, tá coimitmint déanta ag Rialtas na Breataine maoiniú a thabhairt do nuachtán amháin Gaeilge sa Chairt Eorpach i leith Teangacha Reigiúnda agus Mionlaigh. Seo coimitmint solúnta déanta ag Rialtas neamhspleach agus, anois, de bharr cinneadh Fhoras na Gaeilge, tá an choimitmint seo curtha ar neamhní. An lá a stopann an maoiniú ag teacht ó Fhoras na Gaeilge chuig Torann na dTonn Teo, foilsitheoirí Gaelscéal, ní bheidh Rialtas na Breataine ag cloi lena choimitmint faoin Chairt seo agus is mar gheall ar Fhoras na Gaeilge atá sin amhlaidh. An bhfuil a fhios ag Rialtas na Breataine faoi chinneadh an Fhorais? An mbeadh gá le cinneadh den tsort seo a chuir faoi bhraid an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas?

Sa dara dul síos tá an Fhoras anois ag briseadh an Chonradh, de réir cosúlachta, a rinne siad le Torann na dTonn tacú le foilsiú an nuachtáin go deireadh na bliana seo, agus le conradh eile arís le pobal leitheoireachta na Gaeilge, a raibh ag brath ar Fhoras na Gaeilge leanúint ag tacú le foilsiú an nuachtáín go deireadh na bliana.

Thairg Foras na Gaeilge conradh ceithre bliana do Thorann na dTonn Teoranta a gcuirfear tús leis i mí Eanáir 2010 agus a leanfaidh ar aghaidh go Nollaig 2013. Tá luach €1.6 milliún ar an gconradh ceithre bliana seo chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach. Gaelscéal an t-ainm oibre atá ar an nuachtán 32 leathanach ildaite le meascán scéalta idir chúrsaí reatha, ghné-ailt, spórt agus ealaíona. Tá i gceist ag Torann na dTonn Teoranta go mbeidh an nuachtán fuinniúil soléite agus go mbeidh an chéad eagrán ar fáil go luath san athbhliain.

Anois tá sé ráite ag Foras na Gaeilge sa ráiteas a d’éisíodh inniu go bhfuil siad ag cur deireadh leis an gconradh seo anois de bharr go bhfuil ‘treochtaí nua leitheoireachta’ ann agus nár éirigh le Gaelscéal spriocanna a bhaint amach dá fheabhas a thairge. Bhí an deis ar fáil d’Fhoras na Gaeilge tacú leis na ‘treochtaí nua leitheoireachta’ cúig bliana ó shin nuair a rinne mé an moladh agus Lá ag iarraidh dul ar líne mar gheall ar na deacrachtaí céannna atá anois ag Gaelscéal. Nior thapaigh siad an deis mar, de réir dealraimh, is maith le muintir an Fhorais ‘braistint an nuachtáin clóite’. Bhuel, seo sinn cúig bliana síos an bóthar, breis is mílliún Euro níos boichte agus tá nuachtán Gaeilge eile curtha i gcré na cille ag Foras na Gaeilge. Agus tá deis caillte acu bheith chun tosaigh sa chluiche.

Níl sé ró mhall gan amhras rud éigean a tharrtháíl uaidh seo ar fad. Is féidir le Foras na Gaeilge a rá le Gaelscéal, leanfaimíd orainn ag tacú go deireadh 2013, trath a thagann deireadh leis an gconradh ar aon nós ach ligfimíd díbh foilsiú ar líne amháin. Sa tslí sin beidh deis agaibh a chruthú go bhfuil sibh in ann don dúshlán nua agus beidh deis againne an comórtas nua a chruthú don seirbhís ar líne….más é sin atá beartaithe.

Tar éis dom miontuairiscí an Fhorais do 2012 a léamh le déanaí, níor thugas faoi ndeara aon tagairt do phlean seirbhís nuachta ar líne d’aon tsort a chruthú. Tugann sin le fios dom nach mbeidh a leithéid ann le h-aghaidh bliain ar a laghad mar má mheileann muilte Dé go mall, meilleann muilte an Fhorais níos moille arís. Is beag tagairt atá i miontuairiscí d’aon imní bheith ann i leith Gaelscéal agus níl aon chaint luaite ós ard faoi dheireadh aon taobhach a chuir leis an gconradh.

Níl deireadh raite agam faoi seo….tá fearg orm agus tá díomá orm ach níl aon íontas orm faoi fhealltacht an Fhorais. Cinneadh fealltach i gcoinne na Gaeilge agus pobal na Gaeilge é seo. Ní fealltóír na Gaeilge go Foras na Gaeilge. Tá sé in am ceisteanna crua ar an eagras fealltach seo – an bhfuil siad ar son na Gaeilge nó ar a son féin.

Bhí sé le sonrú i miontuairiscí an Fhorais dá gcruinniú i mí Iúil 2012 go raibh fiosrú le déanamh faoi ‘ipads’ a fháíl do bhaill an Bhoird. B’fhéidir gurb é seo an t-aon leid go raibh an Fhoras ag bogadh ó ré an phaipéir go dtí an ré digiteach!

Ceist eile – an comhtharlúint go bhfuil deireadh aontaobhach á chur le conradh Gaelscéal trath go bhfuil fórsaí an Stáít ag iarraidh cinsireacht a dhéanamh agus brú a chur ar Ghaeilgeoirí/lucht Gaeltachta gan labhairt amach i gcoinne a bpolasaithe?

Agus tuillead ceisteanna arís:An raibh fiú cruinniú boird chun cinneadh Foras Na Gaeilge Gaelscéal a dhúnadh a phlè? Níor pléadh é anuraidh de réir na miontuairisci atá ar www.gaeilge.ie. An raibh cruinniú ag bórd an Fhorais ó thús na bliana? De ghnath Ní bhionn cruinniú ann idir Samhain is mí na Márta. Murach bórd an Fhorais, cén duine nó cén coiste rinne an cinneadh aontaobhach seo? Agus an raibh an túdarás chuí acu?

Advertise Here
Advertise Here

RELATED SITES

  • An Cailín Deas Blag an Chailín Deas Gaeltachta atá anois ina cónaí sa chathair
  • An Tuairisceoir Suíomh nuachta nua atá neamhspleach
  • Beo Iris mhíosúil ar líne, maoinithe ag Foras na Gaeilge
  • Foinse Suíomh idirlín Foinse, nuachtán a fhoilsítear gach Céadaoin. Ceannaigh é agus gheobhaidh tú an Irish Independent saor leis!
  • iMúscraí Seirbhís idirlín Chomharchumann Forbartha Mhúscraí
  • Meon Eile Iris nuachta is físeáin, lonnaithe i dTuaisceart Éireann, maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta
  • Nuacht 24 Nuacht sheirbhís neamhspleach, bunaithe i 2008, lonnaithe i mBéal Feirste
  • Raidió Fáilte An raidio Ghaeilge is fearr ar domhan….
  • Slugger O’Toole suíomh chúrsaí reatha